← Níl mórán le himeacht ar an diúlach seo, arsa mise liom féin. 🔊✎
← Bhí sé ar a bhealach ar ais go Kathmandu, áit a raibh lámh aige i ngníomhaíochtaí éagsúla a dúirt sé: cairpéid, seálta pashmina, earraí páipéir. 🔊✎
← Ar ndóigh, bhí daoine ceannasacha ar a chúl ach sin ráite ní raibh cosc dár cuireadh ina shlí ariamh nár sháraigh sé. 🔊✎
← Duine acu seo a bhí ann, a dúirt sé, a bhí ábalta rud ar bith a chur chun somhaoine dó féin. 🔊✎
← Bhí an dá iarann déag sa tine aige i dtólamh, arsa seisean, mórchúis ina ghlór, ach bíodh thíos thuas, ar uair na cruóige, rinne seisean cinnte de go ndéantaí cibé obair a bhí le déanamh ar an sprioc. 🔊✎
← Bhí an-chuid earraíochta ar siúl aige sna ceantair seo fosta, a dúirt sé. 🔊✎
← Bhí cuma an ghustail, ceart go leor, ar an chóta throm clúimh agus ar na bróga sléibhe den scoth an leathair a bhí á gcaitheamh aige. 🔊✎
← "Nach ádhúil gur casadh ar a chéile sinn," a dúirt sé agus é ag cothú na tine le tuilleadh adhmaid chonnaidh. 🔊✎
← Bheadh toradh fiúntach ar an infheistíocht seo gan aon dabht sa chruth go mbeadh ciste airgid fá mo choinne i gcónaí nuair a d'fhillfinn ar Neipeal. 🔊✎
← Níor ghá, ar ndóigh, an socrú beag seo a bhí eadrainn a chur faoi bhráid an dlí. 🔊✎
← B'amaideach baoth dúinn airgead a chur amú ar shéala an dlíodóra. 🔊✎
← Conradh an chroí a bheadh ann, arsa seisean go dúthrachtach, ag teannadh a ghreama ar mo lámh. 🔊✎
← Bhí taithí aige, déarfainn, an ceann is fearr a fháil ar dhaoine. 🔊✎
← Ach lena choinneáil ar bís char lig mé a dhath orm féin. 🔊✎
← I rith an ama seo bhí Ang Wong Chuu agus Pemba ar a gcomhairle féin sa chisteanach, gach scairt cheoil acu féin agus ag bean an tí. 🔊✎
← D'iarr sé orm gan baint ná páirt a bheith agam leis agus ar a bhfaca mé ariamh gan mo shúil a thógáil de mo sparán. 🔊✎
← Dúirt mé leis nach raibh baol ar bith go nglacfadh an breallán seo lámh orm. 🔊✎
← Bhí sé i bhfách go mór le dul isteach liom chun an tseomra le mé a chosaint ar chrúba an fhir istigh ach d'éirigh liom é a chur ar a shuaimhneas agus a sheoladh ar ais chun na cisteanadh. 🔊✎
← Bhí mise ag gabháil a imirt mo chuid cnaipí ar mo chonlán féin. 🔊✎
← Ba léir go raibh lúcháir ar an fhear eile mé a fheiceáil ag teacht ar ais. 🔊✎
← Chuir sé luaith ar fud na háite le méid a dhíograise. 🔊✎
← `Ná bíodh imní ar bith ort taobhú liom,' ar seisean go muiníneach. 🔊
← Bhí sramaí lena shúile ar an mhéad is a bhí siad ar leathadh aige os mo chomhair in iúl is go n-amharcfainn síos isteach i nduibheagán a dhúchais is go gcreidfinn go raibh sé gach choir, gan chlaonadh. 🔊
← Leis an tsaothar anála a bhí air bhí na ribí fionnaidh ina ghaosán ar tinneall. 🔊✎
← Is fuath liom an míchothrom a dhéanamh le duine ar bith ach d'fhóir sé i gceart don chneámhaire seo. 🔊✎
← Ar ndóigh, bhí sé ar shiúl nuair a d'éirigh mé ar maidin. 🔊✎
← Bhí broid air le bheith ar ais in Kathmandu. 🔊✎
← Cha raibh ann ach slíomadóir agus b'fhearr léi gan é a bheith ag teacht faoin teach ar chor ar bith. 🔊✎
← Bhí seoal i bpríosún déanta aige as a bheith ag déanamh slad ar iarsmaí beannaithe na dteampall agus á ndíol le turasóirí. 🔊
← Cha raibh fostaíocht ar bith aige, a dúirt sí, agus bhí an t-iomrá amuigh air gur ar bhuirgléireacht a bhí sé ag teacht i dtír. 🔊✎
← Tá bean agus páistí aige ach bhí siad scartha óna chéile ón uair ar cúisíodh é as gadaíocht agus ar gearradh téarma príosúin air. 🔊✎